Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Riachtanais nua chun taisteal go dtí an Eoraip
  • 10 Deireadh Fómhair 2024

Cé na daoine nach mbaineann EES leo?

1 of 1

Ní bhaineann EES leis na daoine seo a leanas:

- Náisiúnaigh de na tíortha Eorpacha ina n-úsáidtear EES, chomh maith leis an gCipir agus Éire

- Náisiúnaigh tríú tíortha ag a bhfuil cárta cónaithe agus ag a bhfuil garghaol le náisiúnach den Aontas

- Náisiúnaigh tríú tíortha ag a bhfuil cárta cónaithe nó cead cónaithe agus ag a bhfuil garghaol le náisiúnach tríú tír atá in ann taisteal ar fud na hEorpa ar nós saoránach den Aontas

- Náisiúnaigh tríú tíortha a thaistealaíonn chun na hEorpa mar chuid d’aistriú ionchorparáide nó chun críoch taighde, staidéir, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadal oideachais agus au-pair

- Sealbhóirí ceadanna cónaithe agus víosaí fadfhanachta

- Náisiúnaigh d’Andóra, Monacó agus San Mairíne agus sealbhóirí pas arna eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine nó ag an Suí Naofa

- Daoine atá díolmhaithe ó sheiceálacha teorann nó ar deonaíodh pribhléidí áirithe dóibh i ndáil le seiceálacha teorann (amhail cinn stáit, oibrithe trasteorann, etc.)

- Daoine nach mbíonn sé de cheangal orthu teorainneacha seachtracha a thrasnú ag pointí trasnaithe teorann amháin agus le linn uaireanta oscailte seasta

- Daoine ag a bhfuil cead bailí tráchta teorann áitiúil

- Baill foirne na dtraenacha paisinéirí agus na dtraenacha earraí ar thurais nasctha idirnáisiúnta

- Daoine ag a bhfuil Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe bailí nó Doiciméad Idirthurais Éascaithe bailí, ar choinníoll go dtaistealaíonn siad ar an traein agus nach dtuirlingíonn siad aon áit laistigh de chríoch Ballstáit den Aontas Eorpach

Bunús dlí: Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) 2017/2226