Is féidir leat seiceáil a dhéanamh maidir leis an líon laethanta is ceadmhach duit fanacht ar chríoch na dtíortha Eorpacha ina n-úsáidtear EES tríd an uirlis EES ar líne, rud atá ar fáil:
- ar an leathanach gréasáin seo (níl sé ar fáil faoi láthair)
- agus an trealamh atá suiteáilte ag roinnt teorainneacha seachtracha á úsáid
Agus tú ag úsáid uirlis EES ar líne, gheobhaidh tú amach an bhfuil cead isteach agat (‘CGL’ nó ‘níl sé CGL’) agus gheobhaidh tú eolas faoin líon laethanta a bhfuil cead agat fanacht go fóill i gcríoch na dtíortha Eorpacha ina n-úsáidtear EES.
Is féidir leat an fhaisnéis sin a iarraidh ar na hoifigigh rialaithe pasanna ag teorainneacha seachtracha freisin.