Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Riachtanais nua chun taisteal go dtí an Eoraip
  • 10 Deireadh Fómhair 2024

Féach leat cé chomh fada is féidir leat fanacht

1 of 1

Is féidir leat seiceáil a dhéanamh maidir leis an líon laethanta is ceadmhach duit fanacht ar chríoch na dtíortha Eorpacha ina n-úsáidtear EES tríd an uirlis EES ar líne, rud atá ar fáil:

  • ar an leathanach gréasáin seo (níl sé ar fáil faoi láthair)
  • agus an trealamh atá suiteáilte ag roinnt teorainneacha seachtracha á úsáid

Agus tú ag úsáid uirlis EES ar líne, gheobhaidh tú amach an bhfuil cead isteach agat (‘CGL’ nó ‘níl sé CGL’) agus gheobhaidh tú eolas faoin líon laethanta a bhfuil cead agat fanacht go fóill i gcríoch na dtíortha Eorpacha ina n-úsáidtear EES.

Is féidir leat an fhaisnéis sin a iarraidh ar na hoifigigh rialaithe pasanna ag teorainneacha seachtracha freisin.

Eolas is gá a sholáthar

Chun a fháil amach cá fhad is féidir leat fanacht i dtír Eorpach ina n-úsáidtear EES, ní mór duit an méid seo a leanas a chur ar fáil:

  • Ainm na tíre Eorpaí ina n-úsáidtear EES a bhfuil tú ar cuairt uirthi faoi láthair nó ar mian leat cuairt a thabhairt uirthi
  • Do dhoiciméad taistil (cineál, uimhir agus cód trí litir na tíre a d’eisigh é, e.g. ‘CAN’ do Cheanada).

Ina theannta sin, ag brath ar do chás féin:

  • Más mian leat taisteal chuig tír Eorpach ina n-úsáidtear EES tráth éigin amach anseo agus más mian leat a fháil amach cá fhad a bheadh cead agat fanacht, ní mór duit an dáta beartaithe teacht isteach sa tír sin a chur ar fáil; nó
  • Má tá tú i dtír Eorpach cheana ina úsáidtear EES, ní mór duit an dáta beartaithe imeachta ón tír sin a chur ar fáil; nó
  • Más mian leat taisteal chuig tír Eorpach ina n-úsáidtear EES tráth éigin amach anseo, agus más mian leat a fháil amach cé mhéad lá a bhfuil cead agat fanacht nuair a bheidh an turas atá beartaithe agat thart, ní mór duit na dátaí teachta agus imeachta ón tír sin a chur ar fáil.